Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais
20. Iasachtaí agus Fiacha Eile
2022 | 2021 | |
---|---|---|
€’000 | €’000 | |
Iasachtaí iomlána | 382,895 | 288,167 |
382,895 | 288,167 | |
Tá na hiasachtaí seo inaisíoctha sna tréimhsí seo a leanas tar éis dheireadh na bliana: |
|
|
I mbliain amháin nó níos lú |
5,263 |
5,263 |
Idir bliain amháin agus dhá bhliain |
5,263 |
5,263 |
Idir trí agus cúig bliana | 15,790 | 15,790 |
I níos mó ná cúig bliana | 356,579 | 261,851 |
382,895 | 288,167 | |
Iasachtaí bainc fadtéarmacha | 82,895 | 88,158 |
Bannaí Sinsearacha Aicme A Neamhurraithe | 300,000 | 200,009 |
382,895 | 288,167 |
Iasachtaí bainc reatha:
Tá comhaontú curtha i bhfeidhm ag an Chomhlacht le Banc Uladh DAC, arbh fhiú saoráid chreidmheasa imrothlaigh €50m é. Cuireadh an tsaoráid sin i bhfeidhm ar bhonn téarma cúig bliana i dtosach báire, agus bhí rogha ann é sin a shíneadh ar feadh dhá thréimhse d’aon bhliain amháin, faoi réir cead ón mbanc. D’fheidhmigh an Comhlacht a rogha le linn 2019 chun an tsaoráid a shíneadh, agus tá sí anois le bheith aisíoctha go hiomlán i Márta 2024. Ar 19 Meán Fómhair 2022, aistríodh an comhaontú saoráide seo le Banc Uladh DAC chuig Bainc-Aontas Éireann cpt faoi na téarmaí céanna. Bhí an tsaoráid gan íostarraingt amhail ag deireadh na bliana (2021: €NIALAS).
Tá an ráta úis ar an iasacht athraitheach ar bhonn an EURIBOR agus ar an gcorrlach is infheidhme. Níl aon urrús inláimhsithe ag Banc Uladh ar an áis seo.
Iasachtaí fadtéarmacha bainc:
I mí na Nollag 2015 rinne an Comhlacht Conradh Airgeadais leis an mBanc Eorpach Infheistíochta maidir le saoráid airgeadais tionscadail €100m. Tá an áis seo ar feadh téarma 20 bliain a tarraingíodh anuas go hiomlán. Ba é an t-iarmhéid gan íoc ar an 31 Nollaig 2022 ná €82.9m (2021: €88.2m).
Bannaí Sinsearacha Aicme A Neamhurraithe:
I mí na Nollag 2019 d’eisigh an Comhlacht bannaí sinsearacha neamhurraithe €300m do raon infheisteoirí institiúideacha. Eisítear na bannaí seo ar ráta seasta (ráta úis seasta: 2.406%) in airgeadra an Euro agus tá siad liostaithe ar an Margadh Malairte Domhanda de Euronext Dublin. Tiocfaidh na bannaí in aibíocht i Meán Fómhair 2049. Ar 31 Nollaig 2022 bhí €300m de bhannaí ceannaithe (2021: €200m).
Tá coinníollacha ag na bannaí sinsearacha agus saoráidí eile a éilíonn ar an Chomhlacht cúnaint áirithe a choinneáil.
Ar 31 Nollaig 2022, tá ceanglais uile an chúnaint á gcomhlíonadh go hiomlán ag an Chomhlacht.