Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais

14. Talamh Forbraíochta Infhaighte

Rinne an Comhlacht Comhaontú Forbartha dar dáta 6ú Iúil 1999 le Pointe Thoir Port an Iarla agus Eastpoint (Development) Two Ltd. (“an Forbróir”), d’fhorbairt ina bhfuil thart ar 14 acra talún tadhlach le Céim I Forbartha Lárionad Ghnó an Phointe Thoir.

Ar an 31 Nollaig 2022, tá infháltas de €1.246m fós gan íoc (2021: €1.246m) a bhaineann leis na trí shuíomh deiridh talún (ina bhfuil thart ar 6 acra talún) atá faoi réir an tsocraithe seo. Tá na Stiúrthóirí sásta go bhfuil luach tugtha anonn an infhaighte seo inghnóthaithe go hiomlán ar an 31 Nollaig 2022.

Chomh maith leis an gcomaoin ar an talamh a dhíoltar, tá an Comhlacht i dteideal comaoine breise a ríomhtar bunaithe ar sciar den ghlanbhrabús a réadaíodh ar dhíol na réadmhaoine forbartha ag Eastpoint (Development) Two Ltd.

Aithneofar an chomaoin faoin gcomhaontú seo sna ráitis airgeadais sa tréimhse inar féidir le Comhlacht Chalafort Átha Cliath é a chinneadh. Fuarthas comaoin €10m i rith na bliana (2021: NIL) atá aitheanta sa chuntas Brabúis agus Caillteanais
i Míreanna Eisceachtúla.

Tá an Comhlacht i mbun cainteanna leis an bhForbróir faoi láthair d’fhonn an fráma ama a thabhairt chun críche chun an chomaoin a fháil maidir le talamh agus uainiú agus candam aon chomaoin bhreise a bheidh le fáil ar dhíolachán deiridh na réadmhaoine ábhartha.