Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais

12. Réadmhaoin infheistíochta

Léiríonn an réadmhaoin infheistíochta leas 50% i réadmhaoin ruílse agus rinne Lisney luacháil neamhspleách uirthi amhail
an 31 Nollaig 2022 ar bhonn luachála ar an margadh oscailte. Léirigh an luacháil tuairim an luachálaí ar luach margaidh an 31 Nollaig 2022 agus ullmhaíodh í de réir Luacháil RICS – Caighdeáin Dhomhanda (lena n-áirítear na Caighdeáin Luachála Idirnáisiúnta) a d’fhoilsigh Institiúid Ríoga na Suirbhéirí Cairte i mí Iúil 2017. Thug an luachálaí faoi deara go bhfuil luachanna faoi réir athruithe mar gheall ar choigeartuithe margaidh agus fachtóirí eile, agus go bhféadfadh luachanna sa todhchaí a bheith níos airde nó níos ísle ná mar a bhí ar an dáta luachála. Tháinig caillteanas luach cóir de €0.85m chun cinn in 2022 (2021: €Nialas). Déantar aon chaillteanas/barrachas a eascraíonn as an athluacháil seo a mhuirearú/a chreidiúnú don ghluaiseacht luacha chóir ar líne theorann infheistíochta an chuntais Brabúis agus Caillteanais.


2022


€’000

 

 

Ar an 1 Eanáir 2022

9,165

Gluaiseacht luacha chóir

(850)

 

 

Ar an 31 Nollaig 2022

8,315