Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais

31. Sochair iarfhostaíochta

Feidhmíonn an Comhlacht ceithre scéim pinsin le sochar sainithe agus scéim pinsin le ranníocaíochtaí sainithe. Ar an 1 Eanáir 2005 dúnadh na scéimeanna sochair sainithe d’iontrálaithe nua.

I. Scéim Ranníocaíochta Sainithe

Tá fostaithe a tháinig isteach sa Chomhlacht tar éis 1 Eanáir 2005 ina mbaill den scéim ranníocaíochtaí sainithe. Íocann na comhaltaí agus an Comhlacht na ranníocaíochtaí ag rátaí seasta. I rith na bliana chuir an Comhlacht €1,103k (2021: €1,005k) leis an scéim ranníocaíochta sainithe agus cuireadh an méid sin de mhuirear ar an gcuntas Brabúis agus Caillteanais. Is é Iontaobhas Pinsean na hÉireann Teoranta, Comhlacht iontaobhais ghairmiúil neamhspleách, an t-aon iontaobhaí ar an scéim ranníocaíochtaí sainithe..

II. Defined Benefit Schemes

(a) Feidhmíonn an Comhlacht ceithre scéim pinsin le sochar sainithe bunaithe ar thuarastail inphinsin deiridh d’fhostaithe incháilithe, lena n-áirítear fostaithe agus iarfhostaithe de chuid Comhlacht Poirt Dhún Dealgan agus aonán réamhtheachtaí an Comhlacht, Bord Chalafort agus Dhuganna Bhaile Átha Cliath.

Déanann iontaobhaithe riarachán ar na ceithre scéim. Is iad na scéimeanna ná “Ciste Aoisliúntais Chalafort Átha Cliath 1996”, “Ciste Aoisliúntais Píolótaí Comhlacht Chalafort Átha Cliath”, “Scéim Sochair Scoir Phríomhfheidhmeannach Chomhlacht Chalafort Átha Cliath” agus “Scéim Pinsin Comhlacht Chalafort Átha Cliath d’Iarfhostaithe Comhlacht Poirt Dhún Dealgan”.

Ceapann an Comhlacht agus comhaltaí na scéime iontaobhaithe Chiste Aoisliúntais Chalafort Bhaile Átha Cliath 1996. Reáchtáladh an toghchán iontaobhaí comhalta is déanaí do chiste Aoisliúntais Chalafort Átha Cliath 1996 in 2017 agus dhaingnigh an Bord an ceapachán de cheathrar iarrthóirí ag an gcruinniú a bhí aige an 8 Nollaig 2017. Chomh maith leis na ceithre chomhalta iontaobhaithe, cheap an Comhlacht ceathrar iontaobhaithe eile freisin.

Is é Iontaobhas Pinsean na hÉireann Teoranta, Comhlacht iontaobhais ghairmiúil neamhspleách, an t-aon iontaobhaí ar na trí scéim eile.

Níl aon scéimeanna neamhchistithe i bhfeidhm amhail an 31 Nollaig 2022 nó 31 Nollaig 2021.

(b) Luacháil Achtúireach

Déantar staid mhaoinithe na gceithre scéim le sochar sainithe a mheasúnú de réir chomhairle achtúirí neamhspleácha. Déantar an seasamh maoinithe a mheasúnú go foirmiúil gach trí bliana.

Tá sé ar intinn ag an gComhlacht ranníocaí rialta a dhéanamh leis na ceithre scéim de réir na moltaí atá leagtha amach ag na hachtúirí sna tuarascálacha achtúireacha ábhartha do gach scéim.

Ullmhaíodh na luachálacha achtúireacha infheidhme is deireanaí do na príomhscéimeanna ar an 1 Eanáir 2021. Ba é Mercer a chuir na tuarascálacha i gcrích, agus ní oifigigh ná fostaithe de chuid an Chomhlachta iad. Tá na tuarascálacha luachála ar an 1 Eanáir 2021 ar fáil lena scrúdú ag baill na scéime ach níl siad ar fáil lena scrúdú ag an bpobal.

Tá na chéad tuarascálacha luachála eile do na scéimeanna seo le bheith ullmhaithe ar an 1 Eanáir 2024.

(c) FRS 102 “Sochair Fhostaí”

Tá oibleagáidí sochair shainithe an Comhlacht luacháilte ag achtúirí neamhspleácha chun críocha FRS 102 amhail an 31 Nollaig 2022. Ullmhaíodh an luacháil agus úsáid á baint as modh luachála achtúirí ar a dtugtar modh “na n-aonad réamh-mheasta creidmheasa”. Ós rud é go bhfuil na scéimeanna dúnta d’iontrálaithe nua, tá próifíl aoise na scéime ag dul in airde agus mar sin faoi mhodh na n-aonad réamh-mheasta rachaidh an costas reatha seirbhíse i méid de réir mar a bhogann baill den scéim i dtreo scoir.

Boinn Tuisceana Airgeadais:

Ba iad na príomhbhoinn tuisceana airgeadais chun na hoibleagáidí sochair (dliteanais) a ríomh faoi alt de FRS 102 ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:


31 Nollaig 2022

31 Nollaig 2021

Ráta úis arna chur i bhfeidhm ar oibleagáidí sochair ar lascaine

4.20%

1.30%

Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe ar thuarastail

4.0% do 2023, 3.0% do 2024-2026,3.50% ina dhiaidh sin

3.0% do 2022-2025, 3.5% ina dhiaidh sin

Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe ar phinsin arna n-íoc

2.50%

2.10%

Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe arna gcur siar

2.50%

2.10%

ITB/Boilsciú

2.50%

2.10%

Socraítear an ráta lascaine a úsáidtear chun an dliteanas pinsin a ríomh trí thagairt a dhéanamh do thorthaí an mhargaidh ar dháta an Chláir Chomhardaithe ar bhannaí corparáideacha ardcháilíochta. Bíonn airgeadra agus téarma na mbannaí corparáide ar aon dul le hairgeadra agus téarma measta na n-oibleagáidí sochair. Ag féachaint do thréimhse na n-oibleagáidí sochair scéime, glacadh le ráta lascaine 4.20% amhail an 31 Nollaig 2022.

Boinn Tuisceana Déimeagrafaíocha:

Tá na boinn tuisceana a bhaineann le hionchas saoil/bás do chomhaltaí ag am scoir leagtha amach thíos:


2022

2021


Blianta Fir

Blianta Mná

Blianta Fir

Blianta Mná

Baill reatha ag 40 bliain d’aois (ionchas saoil ag 65 bliain d’aois)

24.7

26.5

24.1

26.0

Pinsinéirí reatha ag 65 bliain d’aois (ionchas saoil ag 65 bliain d’aois)

22.6

24.3

22.4

24.1

Sócmhainní Scéime:

Ba é leithdháileadh infheistíochta na sócmhainní ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:

Aicme Sócmhainne

Coibhneas na Scéime

sócmhainní ar an 31 Nollaig 2022

Coibhneas na Scéime

sócmhainní ar an 31 Nollaig 2021

Bannaí

90.94%

91.42%

Cothromas

10.11%

9.15%

Eile

(1.05%)

(0.57%)





100.0%

100.0%

Faoi FRS102, socraítear an toradh ionchais ar shócmhainní cothrom leis an ráta lascaine.

Ba é luach cóir na sócmhainní pinsin ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:


Luach cóir ar

31 Nollaig 2022

Luach cóir ar

31 Nollaig 2021


€’000

€’000

Bannaí

207,628

269,698

Cothromas

23,075

26,991

Cothromas

(2,390)

(1,682)




Luach Cóir iomlán Sócmhainní

228,313

295,007

Is iad seo a leanas na méideanna a aithnítear sa ráiteas ar an staid airgeadais:


31 Nollaig 2022

31 Nollaig 2021


€’000

€’000

Luach cóir na sócmhainní scéime

228,313

295,007

Oibleagáid sochair sainithe

(170,444)

(242,349)




Glansócmhainn shochair shainithe

57,869

52,658




Léirithe i ráitis airgeadais mar seo a leanas:



Sócmhainn phinsin shochair shainithe (dlite tar éis níos mó ná bliain amháin) (féach nóta 17)

57,869

52,658

Anailís ar na méideanna curtha san áireamh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais:


2022

2021


€’000

€’000

Costas (gan ús san áireamh)



Costas seirbhíse

(1,162)

(1,691)




Glanioncam/(costas) úis



Ioncam úis ar shócmhainní scéime

3,778

2,670

Ús ar oibleagáidí sochair scéimeanna pinsin

(3,089)

(2,137)

Glanioncam úis

689

533




Costas iomlán

(473)

(1,158)

Anailís ar na méideanna atriallta a aithnítear in Ioncam Cuimsitheach Eile:


2022

2021


€’000

€’000

Toradh ar shócmhainní plean (gan ioncam úis san áireamh)

(61,698)

15,748

Éifeacht choigeartuithe taithí

(549)

(10,392)

Éifeacht athruithe ar bhoinn tuisceana

67,432

(7,738)




Atomhais iomlána san áireamh in Ioncam Cuimsitheach Eile

5,185

(2,382)

Gluaiseacht sócmhainní scéime agus oibleagáidí sochair


Sócmhainní

€’000

Oibleagáidí sochair

€’000

Glanbharrachas

€’000

Amhail an 1 Eanáir 2021

285,463

(229,751)

55,712

Costas reatha seirbhíse

-

(1,102)

(1,102)

Costas iarsheirbhíse

-

(589)

(589)

Ús ar oibleagáidí sochair scéime

-

(2,137)

(2,137)

Ioncam úis ar shócmhainní scéime

2,670

-

2,670

Toradh ar shócmhainní scéime (gan ioncam úis san áireamh)

15,748

-

15,748

Atomhas mar thoradh ar choigeartuithe taithí

-

(10,392)

(10,392)

Atomhas mar thoradh ar athrú ar bhoinn tuisceana

-

(7,738)

(7,738)

Ranníocaíochtaí ball

235

(235)

-

Sochair arna n-íoc ón scéim

(9,595)

9,595

-

Ranníocaíochtaí fostóra

486

-

486





Amhail an 31 Nollaig 2021

295,007

(242,349)

52,658

Gluaiseacht sócmhainní scéime agus oibleagáidí sochair


Sócmhainní

€’000

Oibleagáidí sochair

€’000

Glanbharrachas

€’000

Ar an 1 Eanáir 2022

295,007

(242,349)

52,658

Costas reatha seirbhíse

-

(1,162)

(1,162)

Costas iarsheirbhíse

-

-

-

Ús ar oibleagáidí sochair scéime

-

(3,089)

(3,089)

Ioncam úis ar shócmhainní scéime

3,778

-

3,778

Toradh ar shócmhainní scéime (gan ioncam úis san áireamh)

(61,698)

-

(61,698)

Atomhas mar thoradh ar choigeartuithe taithí

-

(549)

(549)

Atomhas mar thoradh ar athrú ar bhoinn tuisceana

-

67,432

67,432

Ranníocaíochtaí ball

213

(213)

-

Sochair arna n-íoc ón scéim

(9,486)

9,486

-

Ranníocaíochtaí fostóra

499

-

499





Ar an 31 Nollaig 2022

228,313

(170,444)

57,869

Tá an Comhlacht ag súil le €0.5 milliún a ranníoc leis na scéimeanna pinsin in 2023.

 

Ba é an toradh ar shócmhainní plean:


2022

2021


€’000

€’000

Ioncam Úis

3,778

2,670

Toradh ar shócmhainní plean lúide ioncam úis

(61,698)

15,748




Tuairisceán ar Shócmhainní an Phlean

(57,920)

18,418

 

Anailís Íogaireachta ar oibleagáidí Sochair Scéime:

Tá íogaireacht na hoibleagáide sochair shainithe i leith athruithe ar na boinn tuisceana básmhaireachta leagtha amach thíos:


2022

Bonn tuisceana reatha

2022

-1 Bhliain

2022

+1 Bhliain

Oibleagáidí sochair (€’000)

170,444

164,737

176,179

Athrú ar oibleagáidí sochair (€’000)


(5,707)

5,735

% Athrú (mar % den bhunaidh)


(3.3%)

3.4%

Tá íogaireacht na hoibleagáide sochair shainithe maidir le hathruithe ar an ráta lascaine leagtha amach thíos:


2022

2022

2022


Bonn tuisceana reatha

-0.25%

+0.25%

Ráta Lascaine

4.20%

3.95%

4.45%

Oibleagáidí sochair (€’000)

170,444

175,524

165,610

Athrú ar oibleagáidí sochair (€’000)


5,080

(4,834)

% Athrú (mar % den bhunaidh)


3.0%

(2.8%)

Tá íogaireacht na hoibleagáide sochair shainithe maidir le hathruithe ar an ráta boilscithe leagtha amach thíos:


2022

2022


Bonn tuisceana reatha

+0.25%

Boilsciú

2.50%

2.75%

Oibleagáidí sochair (€’000)

170,444

174,849

Athrú ar oibleagáidí sochair (€’000)


4,405

% Athrú (mar % den bhunaidh)


2.6%

Inghnóthaitheacht Scéim Pinsin:

Soiléirítear i Rialachán 14 de Choiste Léirmhínithe na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRIC 14) conas ba cheart an síleáil sócmhainní a chur i bhfeidhm, go háirithe an chaoi a n-idirghníomhaíonn sé le rialacha áitiúla maoinithe íosta. De réir cheanglais léirmhínithe FRS 102, Alt 28.22 agus IFRIC 14 tá measúnú déanta chun a fháil amach cé chomh mór agus is féidir leis an Chomhlacht an barrachas sna scéimeanna a ghnóthú trí ranníocaíochtaí laghdaithe amach anseo nó trí aisíocaíochtaí ó na scéimeanna. Bunaithe ar an measúnú seo, tá an ceart ag an Chomhlacht ranníocaíochtaí laghdaithe do na scéimeanna amach anseo agus is cuí aitheantas a thabhairt do bharrachas na scéimeanna.