Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais

30. Idirbhearta Páirtithe Gaolmhara

De réir FRS102 tá an Comhlacht díolmhaithe ó nochtadh idirbhearta le haonáin eile faoi úinéireacht an stáit.

Mar a dúradh i nóta 1, tá gnáthscair amháin i seilbh an Aire Airgeadais agus tá an chuid eile i seilbh an Aire Iompair amhail an 31 Nollaig 2022.

I rith na bliana fuarthas seirbhísí ó Certification Europe ar luach €6,594. Tá Michael Brophy, Stiúrthóir Chomhlacht Chalafort Átha Cliath ina Stiúrthóir ar Certification Europe freisin.

Ní dhearna aon comhalta Boird, a d’fhéachfaí air mar pháirtí gaolmhar, nó baill den phríomhfhoireann bhainistíochta aon idirbhearta ábhartha leis an Chomhlacht i rith na bliana.

Mar a luadh i nóta 16, tá €2.5m dlite don Chomhlacht ó na cistí pinsin (2021: €1.8m).