Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais

1. Faisnéis ghinearálta

Soláthraíonn Comhlacht Chalafort Átha Cliath an bonneagar, na háiseanna, na seirbhísí agus an áit chrua chun freastal ar riachtanais na gcustaiméirí maidir le haistriú éifeachtach earraí agus paisinéirí idir modhanna iompair ar talamh agus ar muir.

Gintear ioncam maidir le soláthar na n-áiseanna seo ó dhleachtanna árthaigh, dleachtanna earraí, cíos, agus príomhsheirbhísí a chuirtear ar fáil, amhail tarraingt agus píolótaíocht.

Tá an Comhlacht corpraithe agus sainchónaí i bPoblacht na hÉireann faoin uimhir comhlacht cláraithe 262367. Is é seoladh a hoifige cláraithe ná Ionad an Chalafoirt, Bóthar Alexandra, Baile Átha Cliath 1.