Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais
2. Ráiteas comhlíonta
Ullmhaíodh na ráitis airgeadais ar bhonn gnóthais leantaigh agus faoi choinbhinsiún an chostais stairiúil, modhnaithe chun míreanna áirithe a áireamh ag luach cóir, agus de réir Acht na gCuideachtaí 2014 agus Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais 102 (FRS 102) arna eisiúint ag an gComhairle um Thuairisciú Airgeadais. Tá na ráitis airgeadais i gcomhréir le Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais 102, “An Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais atá i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann” (“CTA 102”), agus Acht na gCuideachtaí, 2014.