Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais
3. Breithiúnais agus meastacháin chriticiúla agus beartais chuntasaíochta an Comhlacht á gcur i bhfeidhm
Déantar measúnú leanúnach ar mheastacháin agus breithiúnais agus bíonn siad bunaithe ar thaithí stairiúil agus tosca eile, lena n-áirítear imeachtaí sa todhchaí a bhfuiltear ag súil leo, a mheastar a bheith réasúnta sa chás áirithe sin.
Déanann an Comhlacht meastacháin agus boinn tuisceana maidir leis an todhchaí. De réir sainmhínithe, is annamh a bheidh na meastacháin chuntasaíochta a leanann as sin comhionann leis na torthaí iarbhír gaolmhara. Tugtar aghaidh thíos ar na meastacháin agus ar na boinn tuisceana a bhfuil riosca suntasach ag baint leo go ndéanfaí coigeartú ábhartha ar suim ghlanluacha na sócmhainní agus na ndliteanas laistigh den bhliain airgeadais seo chugainn:
(i) Saolré eacnamaíoch fhónta na sócmhainní inláimhsithe
Tá an muirear dímheasa bliantúil do shócmhainní inláimhsithe íogair d’athruithe ar shaolréanna eacnamaíocha fhónta measta agus ar luachanna iarmharacha na sócmhainní. Déantar na saolréanna eacnamaíocha fhónta agus na luachanna iarmharacha a athmheasúnú go bliantúil agus leasaítear iad nuair is gá. Féach Nóta 11 le haghaidh suim ghlanluacha shócmhainní inláimhsithe an Comhlacht agus na Beartais Chuntasaíochta maidir leis na saolréanna eacnamaíocha fhónta do gach aicme sócmhainní.
(ii) Scéim pinsin le sochar sainithe
Tá oibleagáid ar an Chomhlacht sochair phinsin a íoc le fostaithe áirithe. Braitheann costas na sochar sin agus luach reatha na hoibleagáide ar roinnt fachtóirí, a bhfuil ina measc; ionchas saoil, méaduithe tuarastail, méaduithe pinsin, boilsciú agus an ráta lascaine. Tomhaistear na sócmhainní pinsin ag luach cóir ag deireadh gach bliana airgeadais. Déanann an bhainistíocht na fachtóirí seo a mheas agus an glanoibleagáid pinsin á socrú sa Chlár Comhardaithe. Léiríonn na toimhdí taithí stairiúil agus treochtaí reatha. Féach Nóta 31 le haghaidh na nochtuithe maidir leis an scéim pinsin le sochair sainithe.